- Do Scoil a Dheanamh Sabhailte
The Equality Authority and the BeLonG To Youth Project have undertaken a joint initiative to respond to the voice of young gay, lesbian, bisexual and transgender people demanding an end to homophobic bullying in second-level schools. The initiative seeks to give a visibility within schools to the issue of homophobic bullying through the use of posters that establish the school’s commitment that “Homophobic bullying is not acceptable in our school”. The initiative seeks to stimulate and inform school actions to tackle the issue of homophobic bullying through an information booklet “Making your school safe for lesbian, gay, bisexual and transgender students”.
- Na hAchtanna um Stádas Comhionann agus Soláthar na Seirbhísí Sláinte
Féachann an paimfléad seo le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na seirbhíse sláinte chun an comhionannas a chur chun cinn trí bhéim ar na hAchtanna um Stádas Comhionann a spreagadh. Tugann sé eolas ar fhorálacha na reachtaíochta chun tacú le heagraíochtaí na seirbhíse sláinte maidir leis an reachtaíocht a chomhlíonadh. Leagann sé amach tréithe agus cleachtais eagraíochtaí na seirbhíse sláinte atá inniúil ó thaobh an chomhionannais ar mhaithe le cabhair a thabhairt do chúis an chomhionannais laistigh den earnáil.
- An Scoil Uileghabhálach
Tugann an foilseachán seo cur síos ar imeachtaí na comhdhála a thionóil an tÚdarás Comhionannais agus Cumann Múinteoirí Éireann i gcomhar le chéile i Limerick ar 27 Márta 2004.
- Ag Fónamh don Chomhphobal
Foilseachán a thugann eolas, miondealú agus comhairle phraiticiúil ar conas mar is ceart seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do chustaiméirí faoi mhíchumas. Arna fhoilsiú ag RGDATA (an eagraíocht ionadaíoch do mhiondíoltóirí neamhspleácha) i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Comhionannais - (Samhain 2004).
- Ar Mhaithe le Soláthar Aoischairdiúil na nEarraí agus na Seirbhísí
Foilsítear an leabhrán seo mar chuid den tSeachtain Chun Diúltú Don Aoiseachas 2005. Tá sé mar aidhm ag an bhfoilseachán treorú praiticiúil a chur ar fáil d’eagraíochtaí ar na bearta a d’fhéadfaidis a dhéanamh chun cabhrú le deimhin a dhéanamh de go gcuirfidh siad seirbhísí ar fáil ar mhodh atá cairdiúil leis an aois.
- An Comhionannas á Chur Chun Cinn in Ionaid Oibre Idirchultúrtha
Treoir ‘céim ar chéim’ phraiticiúla san ionad oibre chun tacú le heagraíochtaí an cleachtas is fearr a chur i ngníomh agus an comhionannas a chur chun cinn in ionaid oibre idirchultúrtha.
- Treoirlínte ar Bheartais um Chomhionannas Fostaíochta i bhFiontair
A practical step-by-step “how to” guide to establishing an employment equality policy.
- I dTreo Bonneagair Chomhionannais san Ionad Oibre
Forbhreathnú ar an mbonneagar comhionannais in eagraíochtaí, ag tagairt go speisialta d'oibrithe de mhionlaigh eitneacha, agus daoine den Lucht Siúil san áireamh.
- Paca Acmhainne Míchumais
Gníomhaíocht dhearfach chun daoine faoi mhíchumas a earcú agus a choimeád san Earnáil Stáit.
- Freastal Réasúnta ar Dhaoine faoi Mhíchumas ó thaobh Earraí agus Seirbhísí a Sholáthar
Leabhrán a thacaíonn le soláthraithe seirbhíse ó thaobh freastal réasúnta a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas agus é sin ina chuid shimplí shaoráideach den tseirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí.






